zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
12 June 2026
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Labhair Piaras faoin scéal is deireanaí faoin druga Givinostat, druga atá de dhíth go cruaidh ar bheirt pháiste anseo i nDún na nGall agus páistí agus daoine fásta eile ar fud an stáit.
8 min
12 June 2026
Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Cluain na dTor.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Labhair Deirdre inniu faoin chaor throim, raidis agus an Lus Mór inniu.
10 min
12 June 2026
Cathal Mac Giolla Easbuig.
Phill Cathal anuraidh i ndiaidh dó a bheith ar shiúl as baile ar feadh seal agus tá gnó úr bunaithe aige, Stiúideó Ghlór na Gaoithe.
11 min
12 June 2026
An Chomhairleoir Contae Mícheal Cholm Mac Giolla Easbuic.
Tá sé tugtha le fios ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go leanfar ar aghaidh leis an tseirbhís naíonra i mBaile na Finne i Meán Fómhair na bliana seo.
4 min
12 June 2026
Emer Ní Ghallachóir an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Dún na nGall.
Cuirfidh mná Dhún na nGall tús lena bhfeachtas craoibhe i gCraobh na hÉireann amárach nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus tá Emer linn le súil chun cinn a chaitheamh ar an chluiche sin agus cuid de na cluichí eile a bheas ar siúl.
3 min
12 June 2026
Caoimhín Ó Casaide an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Dún na nGall.
Imreofar cluichí i mBabhta 2A agus 2B i gCraobh Peile na bhFear an deireadh seachtaine seo agus tá Caoimhin linn le plé a dhéanamh ar na cluichí sin.
5 min
11 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
11 June 2026
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Ag caint ar dtús ar na léirsithe atá ar siúl i gcathair Bhéal Feirste ón Mháirt, áit a bhfuil cónaí ar féin, agus ar an ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair san oíche amárach dírithe ar an téama Éire Aontaithe.
8 min
11 June 2026
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Ag caint faoi ghnóthaí meabharshláinte agus chomh tábhachtach is atá sé sa lá atá inniu ann labhairt amach, cuidiú a iarraidh agus tacaíocht a lorg má tá tú ag fulaingt le deacrachtaí meabharshláinte.
13 min
11 June 2026
Micheál Ó Muirí as an Fhál Carrach.
Beidh lá mór siúil anseo sa chontae an deireadh seachtaine seo agus dúshlán na gCruacha Gorma ar siúl le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla sa chontae agus beidh Micheál ag glacadh páirt sa dúshlán i mbliana.
7 min